Bhí Séamas IV (17 Márta, 1473 - 9 Meán Fómhair, 1513) ina Rí na nAlbanach ó 11 Meitheamh, 1488 go dtí a bháis. Meastar, de ghnáth, gur éirigh níos fearr leis mar rí ná an chuid is mó de na Stiúbhartaigh, ach tháinig críoch lena réimeas leis an mbriseadh tubaisteach ag Cath Flodden Field.
Ba mhac Shéamais III agus agus Mhargrete na Danmhairge é, rugadh é i gCaisteal Sruighlea. is dócha. Mar léiroidhre chun choróin na hAlban, cheapadh é ina Diúc Bhaile Bhòid. Ní Rí na ndaoine a bhí ina athair agus bhí ar dhá reibiliún a chur faoi chois.
Le linn an dara ceannairc, chuir na reibiliúnaithe Séamas, agus é in aois a cúig déag,
chun tosaigh mar cheannaire ainmniúil.
Maraíodh a athair, ag troid in aghaidh na reibiliúnach ag Blàr Allt a' Phuill Sheilich, ar an 11 Meitheamh, 1488,
agus ghlac Séamas an rìchathair agus corónaíodh é ag Sgàin ar 24 Meitheamh. Nuair a fuair sé amach an ról indíreach a bhí aige i mbás a athair, shocraigh sé ar aithrí a dhéanamh as a chuid pacaí. Ón dáta sin ar aghaidh, chaitheadh sé 'cilicium, sé sin léine ghruaige, déanta as slabhra trom iarainn, thar a chuim, in aice leis an gcraiceann, i rith an Carghais.